Fiúntas Nua - Pack - 3rd / New Edition (2025)
Cúrsa iomlán le haghaidh na hArdteistiméireachta Gaeilge ardleibhéal
Eagrán nuashonraithe é seo den leabhar móréilimh a chlúdaíonn riachtanais na litríochta nua ar fad go cuimsitheach agus atá in oiriúint do scrúdú na hArdteistiméireachta, ardleibhéal:
> Cuirtear an fhilíocht agus an prós nua i láthair ar bhealach bríomhar, tarraingteach, mar aon le nótaí cuimsitheacha agus ceisteanna agus freagraí samplacha bunaithe ar cheisteanna scrúdaithe
> Leagan amach soiléir agus ildaite; cur chuige dalta-lárnach
> Cabhraítear le daltaí a gcuid scileanna léamhthuisceana, scríofa, cluastuisceana agus cainte a fhorbairt
> Tá na topaicí ábhartha agus cothrom le dáta san aonad ceapadóireachta/léamhthuisceana; tá cleachtaí cluastuisceana, cainte agus scríofa comhtháite san aonad seo freisin
> Cabhraíonn scafláil nua leis na daltaí a gcuid scileanna scríofa a fhorbairt
> Treoracha agus nótaí cuimsitheacha faoin tslí leis na ceisteanna ar fad sna léamhthuiscintí a fhreagairt
> Cuimsíonn an t-aonad faoin scrúdú cainte topaicí a scrúdaítear go minic, stór focal ábhartha agus cleachtaí athbhreithnithe > Éascaíonn an réimse maith cleachtaí nuashonraithe san aonad cluastuisceana ullmhúchán le haghaidh an scrúdaithe; tá cleachtaí breise comhtháite san aonad ceapadóireachta/léamhthuisceana freisin
> Tá aonad fairsing gramadaí ann ina bhfuil réimse mór cleachtaí Fiúntas Nua: acmhainní do dhaltaí
> Aip Fuaime Edco (Edco Audio App), ar a bhfuil scrúduithe 1-5 ón aonad cluastuisceana, trialacha 1-6 ón leabhrán 'Cleachtadh don Scrúdú', ceisteanna agus freagraí samplacha don scrúdú cainte, na dánta ainmnithe agus an prós ainmnithe
> Leabhrán 'Cleachtadh don Scrúdú', ina bhfuil ábhar breise don scrúdú cainte agus na ceisteanna cluastuisceana do thrialacha 1-6
> Leabhrán 'Sraith Pictiúr', ina bhfuil an 20 sraith pictiúr a bheidh sa scrúdú cainte, chomh maith le stór focal agus ceisteanna a bhaineann leo
PRÓS AGUS FILÍOCHT NUA
Fiúntas Nua: acmhainní do mhúinteoirí
> Aip Fuaime Edco (Edco Audio App), ar a bhfuil scrúduithe 1-5 ón aonad cluastuisceana, trialacha 1-6 on leabhrán 'Cleachtadh don Scrúdú' (le míreanna athráite) agus an t-ábhar próis (tá CD na múinteoirí ar fáil ach iarratas a dhéanamh)
> Tá Fiúntas Nua ar fáil mar ríomhleabhar do mhúinteoirí ag www. edcolearning.ie
> Leabhar an mhúinteora, ina bhfuil ábhar breise don cheapadóireacht, don léamhthuiscint, don scrúdú cainte agus cleachtaí scríofa; tras-scríbhinní na míreanna fuaime do scrúduithe 1-5 ón aonad cluastuisceana agus do thrialacha 1-6 on leabhrán 'Cleachtadh don Scrúdú', chomh maith leis na míreanna fuaime comhtháite ón aonad ceapadóireachta/léamhthuisceana
> Treoracha, nótaí agus samplaí cuimsitheacha faoin tslí leis na ceisteanna ar fad sna léamhthuiscintí a fhreagairt
> Leabhrán 'Sraith Pictiúr', ina bhfuil an 60 sraith pictiúr don scrúdú cainte, le stór focal agus ceisteanna (tá CD na múinteoirí ar fáil ach iarratas a dhéanamh